Teach Bhaile an Chaisleáin

Scrollaigh síos do Thuras Ar Líne

Tógtha idir 1722 agus c.1729…

… do William Conolly (1662–1729), Spéicéir Theach na dTeachtaí in Éirinn, bhí sé i gceist go léireodh Teach Bhaile an Chaisleáin cumhacht agus ollsaibhreas a úinéara. Ba é seo an chéad teach mór in Éirinn a tógadh sa stíl Phallaidiach – teach i lár baill le pailliún ar an dá thaobh, colúnra Iónach mar nasc eatarthu – agus níorbh fhada go raibh cáil amuigh ar Bhaile an Chaisleáin maidir le feabhas na hailtireachta, scoth na stíle agus togha na siamsaíochta, é inchurtha le cúirt Fhear Ionaid an Rí i mBaile Átha Cliath fiú ag am amháin. Léigh níos mó faoi thaobh istigh Bhaile an Chaisleáin anseo nó féach ar ár bhfíseán.

Tá léargas ailtireachta ar stair foirgníochta Bhaile an Chaisleáin le fáil anseo.

 

An Halla Iontrála

Edward Lovett Pearce a dhear an Halla Iontrála agus is é ceann de na gnéithe is breátha den teach. Dhá stór ar airde, tá galántacht á léiriú leis a bhfuil a macalla le fáil ar fud an tí. Tagann an t-urlár d’aolchloch shnasta i bpatrún seicear agus an teallach de mharmar Chill Chainnigh le mian William Conolly go dtógfaí an teach le hábhar Éireannach amháin. Tá na colúin Iónacha ar urlár na talún an-chosúil leis na piléir sna colúnraí taobh amuigh agus ar an urlár uachtarach tá piléir bhalla bharrchaolaithe le ciseáin torthaí agus bláthanna le feiceáil. Ceaptar gur siombailí den saibhreas agus den rathúlacht na ciseáin seo mar aon le móitíf an sliogáin ar an tsíleáil. As adhmad snoite atá na ciseáin déanta ach tá siad péinteáilte chun cuma an phlástair a fhágáil orthu.

Halla an Staighre

Tá an staighre cloch Portland i mBaile an Chaisleáin ar cheann de na staighrí starrmhaide is mó in Éirinn. Tógadh in 1759 é, faoi stiúir an tsárthógálaí Simon Vierpyl (c.1725–1811). Roimhe sin ní raibh dada sa spás, cé go bhfuil sé le tuiscint ó phlean a luaitear le Edward Lovett Pearce go raibh staighre ciorclach le cur ann i dtús báire.

Anthony King, Ardmhéara Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin, a chuir isteach an bhalastráid dlúthphráis. Shínigh agus dhátaigh sé trí cinn de na banastair, ‘A. King Dublin 1760’. An stucódóir Eilvéiseach-Iodálach Filippo Lafranchini a chruthaigh an phláistéireacht rocócó ghalánta. Bhí Lafranchini, in éineacht lena dheartháir níos sine, Paolo, tar éis obair a dhéanamh ar Theach Chartún agus ar Theach Laighean do dheartháir céile an Bhantiarna Louisa, an Chéad Diúc Laighean. D’oibrigh sé i Russborough i gCo. Chill Mhantáin chomh maith. Tá sliogáin, cornucopianna, dragúin agus aghaidheanna fidil le feiceáil sa mhaisiúchán éadromchroíoch seo a léiríonn buaic na forbartha faoi stíl Lafranchini. Tá portráidí teaghlaigh le feiceáil anseo chomh maith, Tom Conolly ag bun an staighre agus Louisa os a chionn ar a dheis. Tá na ceithre shéasúr léirithe ar na piaraí agus ar ceachtar taobh den scáthlán stuach.

An Seomra Bia

Bhí páirt an-tábhachtach ag cúrsaí bia san fháilte a cuireadh roimh chuairteoirí i mBaile an Chaisleáin, ach níor cruthaíodh seomra a bhí leagtha amach mar sheomra bia go dtí 1768. Ba ghá balla idir dhá sheomra ar urlár na talún a bhaint amach go seiftiúil agus rinneadh atógáil dá réir ar an gcrosbhalla ar an dá urlár uachtair. Tá an tsíleáil sa seomra seo, ag eascairt as Halla Cóisir Inigo Jones in Whitehall, bunaithe ar an tsíleáil i seomra bia Teach Laighean, a dhear Isaac Ware. Richard Cranfield (1713–1809), an snoíodóir mór le rá as Baile Átha Cliath, a rinne na trí scathán phiara d’adhmad óraithe, maille lena bhfrámaí snasta ar a bhfuil siombailí de Bachus agus de phléaráca le feiceáil.

Cuile an Bhuitléara

Sna 1760idí a tógadh Cuile an Bhuitléara mar nasc idir an Seomra Bia nuachruthaithe agus na cistineacha sa Sciathán Thiar. Bheirtí an bia isteach ó na cistineacha trí na dorchlaí colúnáideacha agus dhéanfaí é a atéamh sa chuile sula leagtaí ar an mbord é. Bhí na cistineacha ollmhóra ar urlár talún an sciatháin thoir agus ceathrúna na searbhóntaí thuas staighre os a gcionn. Bhíodh os cionn 80 searbhónta fostaithe sa teach agus sna cistineacha i dtreo dheireadh an ochtú haois déag faoi stiúir an Bhuitléara agus an ‘Housekeeper’.

Tá ballaí na cuile maisithe le grianghraif ón naoú haois déag de shearbhóntaí Bhaile an Chaisleáin agus le fógraí ornáideacha poiblí do theaghlach Conolly óna gcuid tionóntaithe. Tá portráid de Mrs Parnel Moore anseo chomh maith, bean tí i mBaile an Chaisleáin san ochtú haois déag, de réir dealraimh.

An Seomra Staidéir Donn

Tá an Seomra Staidéir Donn maisithe mórán mar a bhí sna 1720idí nuair a tógadh an teach ar dtús; ballaí de phainéil adhmaid, doirse arda daracha, matal sa chúinne, deasc ionsuite agus síleáil bhoghtach. Bhí an seomra in úsáid mar sheomra codlata ag deireadh an naoú haois déag agus ansin mar pharlús bricfeasta ag tús an fichiú haois.

Tá píosa de ‘fhabraic na nÓglach’ le feiceáil idir an dá fhuinneog. Priontáladh ar chumasc de línéadach agus de chadás i Muileann Harpur i Léim an Bhradáin é. Íomhá de léirbhreithniú Óglaigh Laighean i bPáirc an Fhionnuisce in 1782 atá léirithe ann. Bhí Thomas Conolly gníomhach i gceannasaíocht na nÓglach i gContae Dhoire agus Chill Dara araon. Mílíste áitiúil a bhí sna hÓglaigh a bunaíodh le linn Chogadh na Saoirse i Meiriceá chun Éire a chosaint ar ionradh ón Fhrainc a fhad is a bhí na saighdiúirí cearta i Meiriceá. D’imigh siad i bpáirt le Páirtí na dTírghráthóirí i dTeach na dTeachtaí in Éirinn níos faide anonn, tráth ar éirigh siad sáite sna feachtais maidir le hathchóiriú polaitíochta a bhí ar bun ag an am faoi stiúir Henry Grattan.

An Parlús Dearg

Bhí an Parlús Dearg nó Cródhearg ar ceann de na príomhsheomraí fáilte ar chúl an tí. Leagadh amach ar dtús é mar ghnáthpharlús le bealach isteach go dtí an dorchla thiar, ach rinne an Bhantiarna Louisa athchóiriú air idir 1764 agus 1768. Tá an tsíleáil nuachlasaiceach, a tháinig in áit na bunsíleála boghtaí, bunaithe ar dhearthaí foilsithe de chuid an ailtire Iodálaigh ó thréimhse an Renaissance, Sebastiano Serlio. Tháinig an matal bán Carrara go dtí an teach in 1768 agus is é Richard Cranfield a shnoigh an t-adhmad. Clúdaíodh na painéil darach ó thús an ochtú haois déag le síoda damascach i gceithre dhath. Tagann an síoda dearg atá ann faoi láthair ó lár an naoú haois déag, nuair a athmhaisíodh an seomra ó bhonn. Tá na taipéis bhalla shíoda seo á gcaomhnú i láthair na huaire ag foireann de chaomhnóirí teicstíle.

An Parlús Glas

Ba é an Parlús Glas an príomhsheomra fáilte nó parlús ar an urlár talún. D’fhéadadh cuairteoirí dul ann ón Halla Iontrála nó ón ngairdín ina thosach. Mar aon leis na seomraí stáit eile, rinneadh athchóiriú ó bhonn air idir 1764 agus 1768. Tá tionchar dhearthaí foilsithe Serlio agus an ailtire mór le rá Sasanach Isaac Ware le feiceáil sa tsíleáil nuachlasaiceach, sna frámaí dorais agus sa mhatal. Tá patrún na heochrach Gréagaí sa phláistéireacht le fáil chomh maith i bhfrámaí na scáthán piara, sna boird phiara, agus sa teallach. Bhí na ballaí clúdaithe le síoda damascach bánghlas ar dtús sna 1760idí. Mhair ruainní den síoda seo, ar cuireadh síoda dúghlas ina áit i lár an naoú haois déag, agus fíodh an síoda atá ann i láthair na huaire le teacht go díreach leis an dath sin. Prelle et Cie in Lyon na Fraince a rinne na hoibre sin in 1985.

Seomra na bPriontaí

Tá Seomra na bPriontaí ar cheann de na seomraí is tábhachtaí i mBaile an Chaisleáin. Is é an t-aon seomra priontaí ón ochtú haois déag in Éirinn a tháinig anuas chugainn go hiomlán slán. Sa ré inar mhair an Bhantiarna Louisa bhí sé san fhaisean i measc na mban uasal priontaí de na pictiúir ab ansa leo a bhailiú agus ansin iad a ghreamú in oird éagsúla agus le ciumhaiseanna maisithe ar bhallaí seomraí a bhí roghnaithe chuige sin. Bhí sise ag bailiú priontaí ó 1762 ar a laghad agus, más ea, is féidir breathnú ar Sheomra na bPriontaí mar éachtaint phearsanta ar chultúr agus ar ealaín lár an seachtú haois déag. I measc na n-ealaíontóirí atá le feiceáil ann tá Rembrandt, Guido Reni, Teniers agus Le Bas.

Tá bailiúchán ar leith de mhionphortráidí ar taispeáint sa seomra seo. Portráidí pearsanta de chuid de Ghearaltaigh Chartún, an teach mór atá buailte le Baile an Chaisleáin, agus de mhuintir Uí Bhaoill, Iarlaí Sionainne atá i gceist. Bhí na teaghlaigh seo ar na teaghlaigh ba iomráití in Éirinn tráth.

An Seomra Codlata Stáit

Nuair a leagadh an teach amach ar dtús sna 1720idí, is é is dócha go raibh an seomra seo, mar aon leis na seomraí ar ceachtar taobh de, ina svuít chodlata do William Conolly. Bhí sé i gceist go mbuailfeadh sé le cuairteoirí ar maidin agus é suite sa leaba nó le linn dó a bheith á ghléasadh, dála chúirt na Fraince in Versailles. Tiontaíodh an seomra ina leabharlann sa naoú haois déag agus is ón ré sin a thagann an páipéar balla Victeoiriach de leathar tacair. Scaipeadh leabharlann Bhaile an Chaisleáin sna ceithre hairde sna 1960idí, faraor, agus tá an seomra fillte ar a chéadfheidhm sa lá atá inniu.

Seomra Healy

Seomra gléasta nó vardrús a bhí ceangailte leis an Seomra Codlata Stáit béal dorais a bhí sa seomra seo ar dtús. Úsáideadh mar sheomra suí beag ansin é agus bhí sé mar sheomra codlata ag an Maor Edward Conolly i lár an fichiú haois, mar go raibh sé ar an mbeagán seomra sa teach a bhféadfaí teas a choinneáil ann sa gheimhreadh. Tugtar Seomra Healy air anois i ndiaidh na bpictiúr de chapaill Bhaile an Chaisleáin ag an ealaíontóir Éireannach Robert Healy (d’éag 1771) atá le feiceáil ann.

An Gailearaí Fada

Tá an Gailearaí Fada ar cheann de na seomraí is mó clú i mBaile an Chaisleáin agus níl a mhacasamhail le fáil in Éirinn. Leagadh amach an seomra ar dtús mar ghailearaí pictiúr le portráidí de phátrúin William Conolly ar taispeáint ach athraíodh a fheidhm agus a leagan amach nuair a tháinig an Bhantiarna Louisa i réim. In 1760, thug sí treoir go mbainfí amach na doirse bunaidh go dtí na dorchlaí uachtaracha thoir agus thiar, agus chuir sí an doras lárnach os cionn an Halla Iontrála ina n-áit. An ailtire mór le rá Sasanach Sir William Chambers a dhear na frámaí dorais nua mar aon le teallaigh nua ag ceachtar taobh. Ba é Simon Vierpyl a stiúraigh cur i bhfeidhm na ndearthaí. Is féidir an maisiúchán sa stíl Phoimpéach ar na ballaí a leagan leis na 1770idí agus is léir go raibh foilseacháin Montfaucon ar na tochailtí ag Poimpé agus Herculaneum agus dearthaí Raphael don Vatacáin mar spreagadh díobh. Ealaíontóir agus greanadóir Sasanach, Charles Ruben Riley (1752-98), a rinne na múrmhaisiúcháin. Bhí an Gailearaí Fada ina láthair iontach chun cuideachta neamhfhoirmeálta agus é ag cur thar maoil le beocht agus spraoi, mar atá le tuiscint ón sliocht a leanas ó litir de chuid Louisa:

Our gallery was in great vogue, and really is a charming room for there is such a variety of occupations in it, that people cannot be formal in it. Lord Harcourt was writing, some of us played at whist, others at billiards, Mrs Gardiner at the harpsichord, others at chess, others at reading and supper at one end. I have seldom seen twenty people in a room so easily disposed of.

Chuirtí léirithe amharclannaíochta ar bun ann go rialta freisin, muintir an tí féin agus a gcairde sáite iontu go minic. Leanadh den traidisiún seo le deireanas agus bíonn an seomra in úsáid go minic mar láthair do cheolchoirmeacha agus léirithe eile.

Seomra na bPastal

Forsheomra de chuid an Ghailearaí Fhada béal dorais a bhí i Seomra na bPastal ar dtús. Baineadh úsáid as mar sheomra scoile sa naoú haois déag agus tugtar Seomra na bPastal anois air de bhrí go bhfuil bailiúchán breá de phortráidí pastail ann. I measc na bpastal beag thart ar an iarta tá péire portráidí de Thomas agus Louisa Conolly a rinne an príomh-ealaíontóir Éireannach le pastail san ochtú haois déag, Hugh Douglas Hamilton.

An Boudoir

Ba é an Boudoir agus an dá sheomra lena ais an t-árasán pearsanta dá cuid féin a bhí ag an mBantiarna Louisa. Bhí an Boudoir mar sheomra suí príobháideach ag Louisa agus ag na mná a tháinig ina diaidh mar bhean an tí. Is é is dócha gur ó dheireadh an ochtú haois déag a tháinig an tsíleáil phéinteáilte, an ráille dádó agus na comhlaí fuinneoige. Rinne an t-ealaíontóir Philippa Garner athchóiriú orthu sna 1970idí. Tagann na painéil bhalla, nó na harrachtaí, i ndiaidh Raphael ó go luath sa naoú haois déag agus bhídís ar crochadh sa Ghailearaí Fada tráth. I measc na n-earraí sa chaibinéad gloine ionsuite tá píosaí gloine agus poircealláin ar a bhfuil suaitheantas mhuintir Conolly le feiceáil.

Sa seomra taobh leis, Seomra Codlata na Bantiarna Louisa, tá na ballaí fágtha maol ag ailtirí caomhnóireachta an OOP, d’fhonn éachtaint a thabhairt do chuairteoirí ar na sraitheanna éagsúla stairiúla sa seomra. Feictear, dá réir, na bunbhallaí brící agus na trusanna a thacaíonn leo, ansin na painéil adhmad, agus ar deireadh na ruainní geala de pháipéar balla priontáilte a mhaisigh an tseomra tráth dá raibh.

An Seomra Codlata Gorm

Eiseamláir bhreá de sheomra codlata ón ré luath Victeoiriach atá sa Seomra Codlata Gorm. Dála an Boudoir, is cuid d’árasán ar leith é in éineacht leis an dá sheomra gléasta atá buailte leis, ceann acu a ndearnadh seomra folctha de le doirteal agus folcadán. Bhí na príomhsheomraí leapa, a d’úsáid an teaghlach agus cuairteoirí tábhachtacha, ar an urlár seo. Bhí seomraí codlata eile ar an dara hurlár d’úsáid chuairteoirí agus leanaí chomh maith, agus is san íoslach a chodail na searbhóntaí.

Seomra Bhantiarna Chill Dara

Tá Seomra Bhantiarna Chill Dara ainmnithe i gcuimhne ar dheirfiúr na Bantiarna Louisa, Emily, Cuntaois Chill Dara agus Bandiúc Laighean ina dhiaidh sin. Ise a thóg Louisa agus a mbeirt deirfiúracha níos óige, Sarah agus Cecilia, i dTeach Chartún in aice láimhe nuair a bhásaigh a dtuismitheoirí. Bhí naonúr déag clainne aici lena fear céile James FitzGerald. Ach nuair a d’imigh breith anabaí ar a deirfiúr Louisa a chiallaigh nach mbeadh sise ábalta clann a bhreith go deo tháinig Emily chun cónaithe léi i mBaile an Chaisleáin go dtí gur tháinig biseach uirthi.

Bhí an-aird ar Louisa agus Emily mar bhaill den uasalaicme in Éirinn san ochtú haois déag. Go deimhin, rinne Emily cur síos uirthi féin agus a deirfiúr mar ‘mhná faisin’, nath ní hamháin a leag béim ar a gcéim shóisialta ach ar a n-eolas faoi agus a ngrá don fhaisean chomh maith. Tá cúig ghúna iontacha ón ochtú haois déag ar taispeáint sa seomra seo anois, a bhuíochas leis an Berkeley Costume Collection. Sa Fhrainc, san Iodáil agus i Sasana a rinneadh na gúnaí áille seo le haghaidh ócáidí foirmeálta, mar atá le feiceáil ó na cabhlacha saibhre bróidnithe agus na sciortaí iomlána de shíoda agus d’órshnáithe.