Turais

Tar ar thuras fíorspéisiúil le duine dár dtreoraithe eolacha!

Turais Threoraithe Laethúla

Bí le duine dár dtreoraithe oilte ar thuras fíorspéisiúil de Theach Bhaile an Chaisleáin a thógann tú ó thús tógála in 1722 suas go dtí an lá inniu. Éist leis na scéalta iontacha faoi na baill éagsúla de mhuintir Conolly a mhair sa teach agus foghlaim faoin ailtireacht mhaorga agus na seoid atá le feiceáil sa bhailiúchán anseo.

Cuireann ár bhfoireann treoraithe turais scoile saor in aisce ar fáil agus cuirtear fáilte ar leith roimh ghrúpaí príobháideacha freisin (is gá iad a chur in áirithe roimh ré). Bí i dteagmháil linn maidir le háirithintí do scoileanna agus do ghrúpaí, le do thoil.

Brúigh anseo maidir le hamanna, ticéid agus táillí.

 

 

Ar bís le teacht ar cuairt chugainn? Tabhair an turas ar líne anseo.

Teach ar dóigh. Agus ba é Steve, an treoraí, buaic an lae. Treoraí den scoth a rinne an turas fiú níos spéisiúla fós. Tá an-eolas aige ar Oidhreacht na hÉireann agus thug sé moltaí maithe dúinn maidir le láithreacha Oidhreachta le cuairt a thabhairt orthu.

Díreach fillte ó thráthnóna álainn i mBaile an Chaisleáin. Bhí mo mháthair aosta agus mo leanaí óga liom agus m’anam go ndearna an fhoireann gach rud ar a gcumas dúinn. Treoraí iontach – d’éirigh léi aird na leanaí a choimeád le linn an turais. Lá an-taitneamhach, neamhchostasach don teaghlach go léir.

Míle buíochas le Yvonne agus Sandra as cuairt thar barr a chur ar fáil! Rinneamar an beothuras stairiúil, nótáilte amach is amach! An teach agus an fearann iontach, caifé agus leithrisí gan smál. Bhí an-lá go deo againn, in ainneoin na báistí!! Áit den scoth.