Taispeántais

Tá idir Thaispeántais Reatha agus Seantaispeántais i mBaile an Chaisleáin Liostáilte Thíos

GRACE: PHOTOGRAPHS, 1955–1969

29 Bealtaine – 30 Meán Fómhair 2017
Gailearaí, Dara hUrlár, Teach Bhaile an Chaisleáin

Cuireann sé an-áthas ar an OOP an taispeántas iontach seo faoi choimeádaíocht Guillaume Aral, Virginie Journiac agus Leonardo Saviano a chur i láthair an phobail. Léiríonn an 124 grianghraf bunaidh sa bhailiúchán seo claochlú mhórphearsa Hollywood, Grace Kelly, go Banphrionsa Grace Mhonacó. Léiríodh an taispeántas seo ar dtús in Galerie Ferrero in Nice sa samhradh seo caite agus tá curtha leis ó shin le grianghraif ón ré de chuairt Stáit Phrionsa Rainier agus Bhanphrionsa Grace Mhonacó ar Éirinn in 1961.

Ag tosú agus í i mbarr a réime gairmiúla in 1955 – bhí Oscar díreach bronnta uirthi as a páirt in The Country Girl – feicimid Grace ar dtús ar sheit scannáin Alfred Hitchcock, To Catch a Thief, a scannánaíodh ar an Côte d’Azur. Ansin feicimid í á hullmhú féin do na grianghrafadóirí ag Féile Scannánaíochta Cannes cúpla mí ina dhiaidh sin. Trí lionsa an ghrianghrafadóra Edward Quinn, a saolaíodh in Éirinn, feicimid a céad teagmháil leis an bPrionsa Rainier ag an bPálás Ríoga in Monte Carlo, deis fótagrafaíochta a d’eagraigh Paris Match agus nár aontaigh an bheirt a bhí i gceist leis ach go drogallach. Grianghraf ar ghrianghraf, insítear an scéal: aistear an Phrionsa Rainier chuig na Stáit Aontaithe i mí na Nollag – ar chúiseanna leighis, mar dhea – inar chaith sé an Nollaig le muintir Uí Cheallaigh agus inar iarr sé ar Grace é a phósadh, ansin filleadh Grace go Monacó san earrach dár gcionn chun pósadh. Téann an cailéideascóp de ghrianghraif phearsanta agus de ghrianghraif phreasa i bhfad níos doimhne ná na híomhánna snasta a luaitear de ghnáth le scéal fantaisíochta na haoise. Tugtar léargas neamhghnách ar leith dúinn ar dhomhan Grace, saol na cúirte, saol na bpiardaí agus na réaltaí, saol na bhfreagrachtaí poibli agus na ndualgas ríoga. Agus ag an am céanna feicimid a saol príobháideach, cúraimí teaghlaigh, caidrimh phearsanta, éachtaintí ar a draíocht agus a sprid mhealltach.

Sin é bua mór an taispeántais: snasta ó thaobh taighde agus cur le chéile de – tá cúlra luachmhar gach grianghraif tugtha – tá sruth éasca ann a mheabhródh comhrá bríomhar nó siúlóid dheas trí na blianta duit, ag fágáil an cuairteoir faoi gheasa ón gcéad ghrianghraf go dtí an ceann deiridh.

Tá cead iontrála san áireamh le ticéad féintreoraithe.

TAISPEANTÁS BIG BRICK

Iúil – Meán Fómhair 2017
Clós na Feirme

Is iad an OOP an eagraíocht is mó a phléann le cúrsaí deartha in Éirinn ina gcáil mar dhearthóirí agus tógálaithe na n-áiseanna poiblí sa tír seo. Tá ríméad orthu oibriú i bpáirt le Michael Finan agus Learn it chun cur le hoiliúint na chéad ghlúine eile de dhearthóirí Éireannacha i dtimpeallacht atá spraíúil, spreagúil. Beidh scoth na mbréagán foirgníochta agus na bpuzal tríthoiseacha tugtha le chéile ag Taispeántas Big Brick agus is aoibhinn le páistí agus daoine fásta araon an deis iad a fheiceáil. Tá an taispeántas spraíúil, taitneamhach agus oiriúnach don teaghlach go léir. Is cinnte go gcuirfear iontas ort ann!

Beidh bréagáin neamhghnácha, uathúla, thar a bheith luachmhara, le feiceáil sa taispeántas agus beidh séadchomharthaí móra an domhain, an Taj Mahal, Tower Bridge agus Áras Ceoldrámaíochta Sydney ina measc, lárnach ann chomh maith. Aithneoidh na leanaí carachtair ar leith ó na scannáin, an peata grámhar Minion Bob, Darth Maul, an rógaire scáfar ó Star Wars, agus an spúinse is cáiliúla ar domhan – SpongeBob SquarePants!

RICHARD GORMAN: CASA

30 Bealtaine – 31 Deireadh Fómhair 2016

Chuir sé an-áthas ar fhoireann an OOP an saothar is déanaí ó Richard Gorman, CASA, a chur ar taispeáint ag Baile an Chaisleáin in 2016. Bhí an taispeántas le feiceáil i roinnt de na seomraí músaeim sa phríomhtheach; an Halla Iontrála, an dorchla cuar taobh thiar den cholúnra thiar, Seomra Bhantiarna Chill Dara agus Seomra Codlata an Bhantiarna Louisa ina measc. Chruthaigh sé sineirge chumhachtach den nua-ealaín agus an suíomh traidisiúnta.

Tagann go leor den chumhacht a bhaineann le saothar Richard ón teannas sa chomhdhéanamh idir bhloic dhaite neamhrialta, iad níos feiceálaí i gcónaí agus simplithe go dána aige. Tá a shaothar ar taispeáint go forleathan agus go rialta ag Richard ó lár na 1980idí i leith, go háirithe i nGailearaí Kerlin i mBaile Átha Cliath, agus i Londain, Milano agus Tóiceo chomh maith. Tá tionchar a chuid aistear rialta ar an tSeapáin le feiceáil ina bhealaí oibre agus sna comhábhair a úsáideann sé. An sampla is suntasaí de sin ná an tsraith rathúil de shaothair mhórscála ar pháipéar lámhdhéanta washi a chruthaigh sé in iarthar na Seapáine in 1999, 2003 agus 2008.

Tá ábhar ag Richard san iomaí bailiúchán, idir phoiblí agus phríobháideach, san Eoraip, sa Ríocht Aontaithe, in Éirinn agus sa tSeapáin – an New York Public Library, Deutsche Bank agus Músaem Uladh ina measc. In 2014, ba é Gorman an chéad ealaíontóir Éireannach a dhear scairf carré don teach faisin galánta Hermès. Tá dearthaí Gorman le feiceáil i mbailiúchán éadach fear Hermès don Fhómhar/Geimhreadh 2015, dar tógadh na grianghraif dó i mBaile an Chaisleáin.

VANISHING IRELAND

12 Márta – 31 Deireadh Fómhair 2016
Sciathán na Stáblaí

Ó 2001 i leith, tá an grianghrafadóir James Fennell agus an staraí Turtle Bunbury tar éis cosán dearg a dheánamh ó thaobh taobh a dtír dúchais. Rinneadh agallamh le agus glacadh grianghraif de os cionn 300 duine idir 70 agus 108 bliain d’aois. Tá thart ar dhaichead ceann d’íomhánna James Fennell le feiceáil sa taispeántas seo i Sciathán na Stáblaí i mBaile an Chaisleáin, léargas á thabhairt dúinn ar dhaoine a dhéantar neamhaird orthu go rómhinic sa lá atá inniu ann. Éireannaigh den lucht oibre den chuid is mó atá i gceist – gaibhne, iascairí, feirmeoirí, dugairí agus banaltraí – chomh maith le sagairt, mná rialta, múinteoirí agus ceardaithe ó na seancheirdeanna atá ag dul i léig, diallaiteoirí, tuíodóirí, lásadóirí agus sleánadóirí.

Tá ceithre cinn d’imleabhair sa tsraith ‘Vanishing Ireland’ foilsithe mar chuid den togra agus ardmholadh tuillte acu ó na léirmheastóirí. Rinne an Irish Independent cur síos orthu mar ‘thaifead sárluachmhar ar an am atá thart’. Tá Turtle tar éis an t-uafás cainteanna ar an togra a thabhairt, i Nua-Eabhrac, Páras, Londain, Chicago, Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Monte Carlo i measc a thuilleadh. Tá cáil ghrianghraif James Fennell imithe i bhfad i sraith de thaispeántais ar fud na hÉireann chomh maith.