Is cuid thábhachtach d’oidhreacht ailtireachta na hÉireann é Baile an Chaisleáin, an teach Pallaidiach is sine agus is fairsinge in Éirinn.
Tógadh Teach Bhaile an Chaisleáin idir 1722 agus c.1729 do William Conolly, Spéicéir Theach na dTeachtaí in Éirinn. Ón tús bhí sé i gceist leis an teach go mbeadh sé ina léiriú ar chumhacht a úinéara chomh maith le bheith ina ionad oiriúnach d’fháiltithe polaitíochta ar scála ollmhór. San fhíorstíl Phallaidiach, tá bloc lárnach sa teach agus dhá phailliún ar ceachtar taobh de, colúnra Iónach mar nasc eatarthu, na cistineacha ar thaobh amháin agus na stáblaí ar an taobh eile. Thosaigh an stíl seo san Iodáil sa séú haois déag faoi thionchar an ailtire Andrea Palladio (1508–80), agus tháinig sé chun cinn arís i Sasana ag tús an ochtú haois déag. Bhí tionchar mór ag an bhfoirmeáltacht Bharócach ar leagan amach inmheánach an tí ar dtús, le halla agus salún lárnach timpeallaithe ag ceithre árasán ar urlár na talún agus gailearaí le hárasáin ar gach taobh de ar an piano nobile (an chéad urlár).
Tá easaontas go fóill maidir le cérbh é ailtire an tí…
… ach tá a fhios againn gurbh é an t-ailtire Iodálach Alessandro Galilei (1691–1737) a dhear aghaidh an tí, atá tógtha le haolchloch Ard Bhreacáin. Bhí Conolly tar éis bualadh leis siúd nuair a thug sé cuairt ar Éirinn in 1718-19. Faoin tráth ar thosaigh tógáil an tí trí bliana níos déanaí, áfach, bhí Galilei tar éis filleadh ar an Iodáil agus thit sé ar an ailtire óg Éireannach Edward Lovett Pearce (1699–1733) taobh istigh, sciatháin agus colúnra an tí a dhéanamh. Rinne Pearce dearadh ar Thithe Parlaiminte na hÉireann ar Fhaiche an Choláiste ina dhiaidh sin. Maireann plean urlár na talún de Bhaile an Chaisleáin i measc a chuid páipéar.
Ba é Pearce an príomhailtire Éireannach sa chéad leath den ochtú haois déag ina dhiaidh sin. Bhí tionchar an-mhór ag na colúnraí Iónacha agus na sciatháin sa stíl Phallaidiach a chuir sé le Teach Bhaile an Chaisleáin ar dhearadh go leor de na tithe móra a tógadh san ochtú haois déag in Éirinn, Cartún i gCo. Chill Dara agus Russborough i gCo. Chill Mhantáin ina measc, iad araon deartha ag a chúntóir agus comharba Richard Castle (1690–1751).
Tháinig claochlú ailtireachta ar Bhaile an Chaisleáin nuair a tháinig an Bhantiarna Louisa Conolly i réim in 1759.
Sna daichead blianta ina dhiaidh sin chaith sí os cionn £25,000 ar fheabhsúcháin ar an teach agus an eastát. Le treoir ó a deartháir céile, Diúc Laighean, agus na dearthaí a d’fhoilsigh na mór-ailtirí Sasanacha Sir William Chambers (1723–96) agus Isaac Ware (1704–1766), d’athraigh an Bhantiarna Louisa leagan amach an taobh istigh den teach. Rinneadh athdhearadh ar na príomhsheomraí fáilte, an Seomra Bia, an dá pharlús agus an Gailearaí Fada iontach ina measc. Chomh maith leis sin, b’ise a choimisiúnaigh an staighre mór a tógadh in 1759 agus d’athraigh sí aghaidh an tí, ag cur le fad na bhfuinneoga de réir faisean an ama, rud a leag béim chothrom ar urlár na talún.
Léirigh na hathruithe seo an t-athrú feidhme a bhí ag tarlú sa teach agus muintir Conolly ag socrú isteach ann mar áitreabh buan. Tháinig sruth leanúnach de chuairteanna neamhfhoirmeálta in áit na gcomhdhálacha polaitiúla a bhí sa cheann ag an Spéicéir Conolly, agus a d’eagraigh a bhaintreach, Katherine Conolly, i ndiaidh a bháis siúd.
Tar éis bhás na Bantiarna Louisa in 1821, ba bheag athrú suntasach a rinneadh ar an teach. Cé gur dhréachtaigh Tom Conolly (1823–1876) pleananna uaillmhianacha sna 1850idí le clós na stáblaí taobh thiar den Sciathán Thoir a chlúdach isteach, níor tharla sé riamh.