An Courtyard Café

Éire ar an bPláta

Lig do Scíth le Cupán Caife.

Tá An Courtyard Café suite i Sciathán athchóirithe na Cistine agus The Caterers anois i bhfeighil san ionad seo a tógadh san ochtú haois déag. Buail isteach i gcomhair cupán caife roimh do chuairt nó lig do scíth ag am lóin tar éis siúlóide. Nó, má tá tú ag freastal ar cheolchoirm nó dráma i mBaile an Chaisleáin san oíche, d’fhéadfá dinnéar a bheith agat sa chaifé ar dtús (is gá áirithint a dhéanamh roimh ré).

Tá an iliomad roghanna ar fáil, béilí do veigeatóirí agus béilí gan ghlútan san áireamh, agus úsáidtear na comhábhair áitiúla is úire atá le fáil. Íoslódáil ár gclár bia anseo.

Méid Suíochán: 80 duine (roinnte idir An tSeanchistin agus Seomra Bhean an Tí).

Chun ócáid phríobháideach a phlé le The Caterers nó chun áirithint a dhéanamh glaoigh ar +353 1 627 9498 nó ríomhphost chuig castletown@thecaterers.ie le do thoil.

 

Uaireanta Oscailte:

16 Márta – 5 Samhain 2017
Luan – Domhnach: 10:00 – 17:00

6 Samhain 2017 – Márta 2018
Máirt – Domhnach: 10:00 – 16:00