Rugadh William Conolly i mBéal Átha Seanaidh, Contae Dhún na nGall, sa bhliain 1662. Tábhairneoir ba ea a athair.
Bíodh nach raibh a mhuintir saibhir, ba é an polaiteoir ba shaibhre agus ba chumhachtaí in Éirinn é roimh dheireadh a shaoil. Meastar gur de bhunús Caitliceach iad muintir Conolly, cé gur dócha gur thug siad droim láimhe don Chaitliceachas roimh bhreith William. Oileadh é ina aturnae i mBaile Átha Cliath agus d’oibrigh sé sa dlí ann sna 1680idí. Níor tháinig borradh faoina shaol oibre go dtí tar éis Chogadh an Dá Rí (1988-1691). Sa bhliain 1689, theith an Rí Caitliceach Séamas II ó Shasana go hÉirinn tar éis na Réabhlóide Glórmhaire. Ba í an Réabhlóid Ghlórmhar a thug Liam Oráiste (mac cleamhnais Shéamais II) i gcumhacht sa Bhreatain agus in Éirinn. Lean Rí Liam a chéile comhraic go hÉirinn agus sna blianta 1690 agus 1691 throid siad in aghaidh a chéile i gcathanna móra i nDoire, sa Bhóinn, in Eachroim agus i Luimneach. Tháinig Conolly i dtír ar bhua Liam in Éirinn. Ghabh Liam Oráiste seilbh ar thalamh lucht tacaíochta Shéamais. Sa ghnó a rinne sé leis na heastáit ghafa seo a chruthaigh Conolly a shaibhreas. Faoin mbliain 1703, bhí breis is £10,000 caite aige, agus breis is 15,000 acra ceannaithe aige i seacht gcontae éagsúla. Bhí saibhreas thar na bearta bailithe aige in achar ama an-ghearr.
Is mar gheall ar phósadh maith agus na buntáistí a bhain leis sin a bhí rath ar Conolly chomh maith.
In 1694, phós sé Katherine Conyngham, iníon Sir Albert Conyngham, laoch mór le rá in airm Liam Oráiste. Dála Conolly, b’as Dún na nGall do Katherine ach b’as aicme shóisialta níos airde ná Conolly di. D’éirigh le Conolly dul i bpáirt le teaghlaigh shaibhre eile i gcúige Uladh, nach mbeadh teacht aige orthu murach a chaidrimh le Katherine. Anuas ar a cuid teagmhálaithe agus an phearsantacht láidir a bhí aici thug sí spré £2,300 léi; airgead a chaith Conolly láithreach ar thalamh géillte. De réir mar a bhí stádas agus saibhreas Conolly á mhéadú aige, bhí an pobal ag cur aithne air. In 1692, toghadh chun Parlaimint na hÉireann i mbaile Dhún na nGall é. D’fhan sé i dTeach na dTeachtaí in Éirinn go dtí 1729. In 1715, tháinig an Rí Seoirse I i réim agus ceapadh Conolly mar an Spéicéir i dTeach na dTeachtaí. Níor chiallaigh sé sin gurbh éigean dó a bheith neamhchlaonta sa ról sin ach gurbh é an príomhghuth thar ceann an rialtais i dTeacht na dTeachtaí. Aithníodh an fás a bhí ag teacht ar an tionchar polaitiúil a bhí ag Conolly agus sa bhliain 1717 ceapadh ina Bhreitheamh Onórach é. Bhí sé ar dhuine de thriúr a bheadh i gceannas ar an tír aon uair a tharla sé fear ionaid an rí a bheith as baile. An t-am sin bhí Sir Robert Walpole ag teacht chun cinn sa saol poiblí i Sasana agus ról an Phríomhaire sa tír sin á chruthú aige dó féin don chéad uair. Bhí fás den chineál sin á dhéanamh ag Conolly in Éirinn ag an am céanna.
Faoin am a bhfuair sé bás bhí breis is 100,000 acra i seilbh Conolly agus bhí timpeall £17,000 á thuilleamh aige in aghaidh na bliana. Ba é an polaiteoir ba shaibhre agus ba chumhachtaí in Éirinn é. Comhartha dá shaibhreas ollmhór ba ea Baile an Chaisleáin.
Ar an drochuair do Conolly, ní raibh aon oidhre air.
D’fhág sé sin gur roinneadh a mhaoin ar fad idir a bhaintreach Katherine agus a nia William James Conolly (mac a dhearthár Patrick) nuair a cailleadh é i mí Dheireadh Fómhair 1729. In 1734, phós William Conolly Óg an Bhantiarna Anne Wentworth, iníon Iarla Strafford. Bhí cónaí orthu i gCaisleán Léim an Bhradáin go dtí go bhfuair Katherine bás sa bhliain 1752. Faraor, fuair William James bás dhá bhliain ina dhiaidh sin agus tháinig a mhac Thomas (1738-1803) ina áit. Chuaigh Thomas chun cónaithe i mBaile an Chaisleáin in éineacht lena bhean chéile, an Bhantiarna Louisa Lennox (1743-1821).
Bhí Baile an Chaisleáin faoi bhláth nuair a bhí Thomas Conolly agus an Bhantiarna Louisa i réim ann.
Bhí ceathrar iníonacha iomráiteacha ag Diúc Richmond agus ba í an Bhantiarna Louisa an tríú duine acu. Chaith sí roinnt mhaith dá hóige i gCartún gar do Mhaigh Nuad, áit a raibh cónaí ar a deirfiúr Emily. Ba í Emily Cuntaois Chill Dara an t-am sin, agus Bandiúc Laighean ar ball. Deirfiúr níos sine Louisa, Caroline, phós sí an polaiteoir cáiliúil Sasanach Henry Fox. Agus a deirfiúr níos óige, Sarah, thug sí saol corrach go dtí gur shocraigh sí i bPáirc Oakley i gCill Droichid in 1781.
Ní raibh aon pháiste ag Louisa. Chaith sí roinnt mhaith dá cuid ama ag cur leis an teach agus na tailte mórthimpeall air i mBaile an Chaisleáin. Ise is mó a bhí freagrach as Halla an Staighre, an Seomra Bia, Seomra na bPriontaí agus an Gailearaí Fada.
Bhí an Bhantiarna Louisa an-fháiltiúil agus i gcaitheamh na mblianta a raibh sí sa teach is iomaí duine a thug cuairt ar Bhaile an Chaisleáin, ó Fhear Ionaid an Rí go dtí an t-aisteoir cáiliúil ó Londain, Sarah Siddons.
Éireannach uasal tipiciúil a bhí in Thomas Conolly. Thaitin an tseilg go mór leis agus fear mór capall ba ea é. Ba pholaiteoir agus úinéir talún é. Cé go mbíodh clú air mar an duine ba shaibhre sa ríocht nár dhuine de shliocht na huaisleachta é, chaith sé cuid mhaith dá shaol i bhfiacha. Tharla go bhfuair sé fiacha móra óna athair le hoidhreacht. Cé gur thírghráthóir é Conolly sa chiall ba leithne den fhocal, thacaigh sé go láidir le hAcht an Aontais in 1800. Is cosúil gur eascair a thacaíocht don Aontas, a chuir deireadh le parlaimint neamhspleách na hÉireann i bhFaiche an Choláiste, ón tionchar láidir a bhí ag éirí amach 1798 ar mhuintir Conolly agus Fitzgerald i gcoitinne. I mBaile an Chaisleáin tugadh bata agus bóthar do dháréag searbhóntaí agus giollaí a ghlac páirt san éirí amach. Ag an am céanna, b’ábhar mór bróin ag muintir Conolly bás an Tiarna Edward Fitzgerald, an nia ab fhearr le Louisa. Ceannaire de chuid na nÉireannach Aontaithe san éirí amach a bhí ann. Bhí Louisa ar dhuine de na daoine deireanacha a chonaic Fitzgerald roimh dó bás a fháil i bPríosún an Gheata Nua i mí na Bealtaine 1798.
Nuair a cailleadh Thomas in 1803, tháinig athrú mór ar shaol Louisa. Seachas a cuid ama a chur i dtreo an tí agus an obair feabhasaithe a bhí ar bun aici, chaith sí níos mó ama ar chúrsaí carthanachta. Bhunaigh sí scoil taobh istigh de gheataí Bhaile an Chaisleáin. Chomh maith leis sin tógadh séipéal Protastúnach ar na tailte. Bhíodh ceann eile ann roimhe sin ach scriosadh é le linn éirí amach 1798. Mhair sí 18 mbliana tar éis bhás a fir chéile. Fuair sí bás i mí Lúnasa 1821.
Deireadh ré i mBaile an Chaisleáin a bhí i mbás Louisa.
Garnia de chuid Thomas Conolly, Edward Pakenham (1786-1848), a fuair eastáit mhuintir Conolly le hoidhreacht, Baile an Chaisleáin san áireamh. De réir na dtéarmaí in uacht Conolly, b’éigean d’Edward a ainm a athrú ó Pakenham go Conolly. Bhí súil ag Conolly go mbeadh cónaí ar a chomharbaí in Éirinn. Go deimhin mhol sé go mbeadh “cónaí orthu in Éirinn faoi mar a bhí cónaí ar an Spéicéir Conolly, an fear uasal macánta sin a thuill bunús an tsaibhris sin”. Bhí fiacha móra ar na heastáit a fuair Edward áfach agus ba ghearr gur tháinig meath ar rachmas agus ar thionchar polaitiúil an teaghlaigh. Ba é Baile an Chaisleáin príomháit chónaithe muintir Conolly san ochtú haois déag ach tar éis Acht an Aontais in 1800, tháinig meath ar an áit mar lárionad polaitíochta agus sóisialta. Ó 1830 ar aghaidh chaith Edward Conolly formhór a chuid ama i Londain agus é sa pharlaimint. Níor úsáideadh Baile an Chaisleáin ach mar theach saoire faoin tuath. In Westminster dó, ba mhinic é ag caint ar chúrsaí na hÉireann. In 1847, le linn an Ghorta Mhóir, d’iarr sé ar Theach na dTeachtaí ‘an pholaitíocht agus an eacnamaíocht a chaitheamh i dtraipisí agus éisteacht leis na daoine a bhí ag fáil bháis den ocras’. Nuair a d’fhill sé ar Bhaile an Chaisleáin chuir sé airgead ar fáil le cabhrú leo sin a bhí ar an ngannchuid agus chuir sé talamh ar fáil le haghaidh theach na mbocht i gCill Droichid. Is beag athrú a rinneadh ar an teach i gcaitheamh na tréimhse sin. Is dócha go raibh tionchar ag cúrsaí eacnamaíochta na linne air sin. I measc na n-athruithe a rinneadh bhí seomra spraoi agus seomra scoile don deichniúr páistí a bhí aige.
A mhac is sine, Thomas, a tháinig i gcomharba ar Edward Conolly i mBaile an Chaisleáin agus in Westminster sa bhliain 1848.
Ré nua do Bhaile an Chaisleáin a bhí i dteacht i réim ‘Tom’ Conolly. Ina fhear óg dó, chaith sé mórán ama i Londain agus ar mhór-roinn na hEorpa. Bhí aithne aige ar Napoléon III, Impire na Fraince ina dhiaidh sin. Fear mór eachtraíochta ba ea Tom Conolly agus in 1864 chuaigh sé chomh fada le Virginia Mheiriceá. Bhí Cogadh Cathartha Mheiriceá faoi lán seoil ag an am sin. I Meiriceá dó, bhuail sé leis an nGinearál Lee, le Jefferson Davis agus le ceannairí eile ar Thaobh na Cónaidhme. Shocraigh sé síos i mBaile an Chaisleáin in 1869 agus phós sé Sarah Eliza Shaw – iníon mhuilleoir Chill Droichid. Tháinig clú ar Bhaile an Chaisleáin arís mar áit a gcuirtí fáilte mhór roimh chuairteoirí. Rinneadh athchóiriú ar chuid den teach. Maisíodh an Seomra Codlata Gorm, rinneadh athmhaisiú ar chuid den Ghailearaí Fada agus ar an Seomra Síoda Glas agus an Seomra Síoda Dearg. Ba léir an spéis a bhí ag Conolly sa spórt nuair a d’iompaigh sé an Seomra na bPrionaí ina sheomra billéardaí. Anuas air sin, chuir sé seomra caite tobac le haghaidh buíonta seilge os cionn na stáblaí. Ba é ‘Tom’ Conolly an duine deiridh den teaghlach a thug tréimhse sa pharlaimint. Cailleadh é sa bhliain 1876, agus é 53 bliain d’aois.
An mac is sine aige, Thomas eile, a tháinig ina áit. Ní raibh Thomas Óg ach sé bliana d’aois nuair a bhásaigh a athair Tom. Captaen a bhí ann in Airm na Breataine agus fuair sé bás le linn Chogadh na mBórach in 1900. A dheartháir, an Maor Edward Conolly, a tháinig ina áit i mBaile an Chaisleáin. Ní dheachaigh an Maor Conolly chun cónaithe i mBaile an Chaisleáin go dtí tar éis an Chéad Chogadh Domhanda áfach. Idir an dá linn ligeadh an teach amach ar cíos do roinnt tionóntaí. Tharlaíodh sé sin le linn shéasúr na seilge go háirithe. Ar na daoine a raibh cónaí orthu sa teach i gcaitheamh na mblianta sin bhí an Tiarna Peter ‘Packer’ O’Brien, muintir Wills, agus an fear gnó Meiriceánach Tom Kelly. Timpeall chasadh an chéid ba nós le Kelly fáilte a chur roimh neart cuairteoirí i mBaile an Chaisleáin. Le linn na tréimhse sin, measadh go raibh Baile an Chaisleáin tar éis filleadh ar iarracht éigin de na laethanta geala mar a bhí ann tráth dá raibh.
Sna blianta tar éis d’Éirinn neamhspleáchas a bhaint amach ba mhór an soláthar fostaíochta do mhuintir na háite é eastát Bhaile an Chaisleáin; na gairdíní margaidh go háirithe. Níor phós an Maor Conolly riamh agus fuair sé bás in 1956. Nia leis, an Tiarna Carew, a fuair an teach le hoidhreacht agus a ghlac an t-ainm Conolly-Carew chuige féin. Bhí an-mheas ag lucht oibre na háite ar an Maor Conolly agus ba léir sin lá a shochraide nuair a d’iompair cuid acu, ar Chaitlicigh iad, a chorp isteach sa séipéal Protastúnach. Bhí siad sásta é sin a dhéanamh in ainneoin an méid a bhí le rá ag an sagart áitiúil ina thaobh. Arsa duine amháin acu, ‘nárbh é an t-aon duine amháin é a bhí sásta lá oibre a chur ar fáil dúinn’. Níorbh acmhainn do mhuintir Conolly-Carew an teach i mBaile an Chaisleáin a chothabháil agus bhí obair mhór dheisithe de dhíth ann chomh maith. Dá réir sin, chuir siad an teach ar an margadh in 1965. Forbróir, an Maor Willson, a cheannaigh teach agus eastát Bhaile an Chaisleáin, agus díoladh an t-inneachar ar ceant i mí Aibreáin 1966.