Ceisteanna Coitianta

Freagraí Úsáideacha ar Cheisteanna ag Cuairteoirí go Baile an Chaisleáin go Minic

Cuairt a Thabhairt ar Bhaile an Chaisleáin

 

Conas teacht ar Bhaile an Chaisleáin?

Níl Baile an Chaisleáin ach 10 nóiméad ó Ionad Siopadóireachta Ghleann na Life agus an M50 agus tá sé éasca tiomáint anseo tríd an 6ú Bhealach Amach ón M4 ag Iarthar Chill Droichid. Is féidir bus 67 a thógáil ó lár Bhaile Átha Cliath go dtí stad Bhaile an Chaisleáin ar phríomhshráid Chill Droichid.

Pleanáil do thuras anseo. Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil slí isteach do ghluaisteáin go Baile an Chaisleáin ach ó Bhealach Amach 6 den M4, trí Bhóthar Halla an Sciobóil. D’ainneoin a bhfuil le feiceáil ar Google Maps níl slí isteach ach do choisithe agus do rothair trí na geataí ar phríomhshráid Chill Droichid.

An bhfuil páirceáil do chuairteoirí i mBaile an Chaisleáin?

Tá. Tá carrchlós na gcuairteoirí ar thaobh do láimhe clé agus tú ag teacht chuig an teach. Tá spásanna páirceála dóibh siúd faoi mhíchumas le fáil níos gaire don teach in aice le Sciathán na Cistine (ag an taobh thall den teach agus tú ag teacht chuige).

Conas a cheannaím ticéad?

Faoi láthair, ní féidir ticéid a cheannach ar an suíomh ach ag an Oifig Ticéad i Sciathán na Stáblaí (agus tú ag féachaint ar aghaidh an tí tá Sciathán na Stáblaí ar thaobh do láimhe deise).

Tá Cárta Oidhreachta OOP bailí agam. An gá dom dul go dtí Oifig na dTicéad?

Is gá. Déanfaidh ár bhfoireann do chárta a scrúdú agus ansin eiseofar ticéad do thuras féintreoraithe nó treoraithe duit.

Conas a dhéanaim áirithint ghrúpa?

Más mian leat áirithint a dhéanamh do ghrúpa de níos mó ná hochtar, glaoigh orainn nó seol rphost chugainn i bhfad roimh ré, le do thoil: +353 1 6288252 nó castletown@opw.ie.

Cad é an difríocht idir turas treoraithe agus cuairt fhéintreoraithe?

Tugann ticéad féintreoraithe an deis duit cuairt a thabhairt ar an teach, mar aon le na taispeántais uile sa teach mór, ar do luas féin. Tá siad níos saoire ná ticéid do thuras treoraithe. Ár bhfoireann oilte a thugann na turais threoraithe agus tá léargas iontach le fáil iontu ar stair éachtach Bhaile an Chaisleáin. Maireann na turais thart ar uair an chloig.

An féidir liom íoc le mo chárta creidmheasa?

Is féidir, glacaimid le gach cárta creidmheasa ach amháin American Express.

Ionad ar Cíos

 

Cathain ar féidir liom breathnú ar na láithreacha féideartha do m’imeacht féin i dTeach Bhaile an Chaisleáin?

Bheadh duine dár bhFoireann Áirithintí breá sásta an t-ionad is oiriúnaí do d’imeacht féin a thaispeáint duit. Bí i dteagmháil chun cuairt ar an ionad a eagrú trí ghlaoch ar +353 1 6288252 nó rphost castletownevents@opw.ie.

Conas a dhéanfaidh mé ionad a chur in áirithe ag Teach Bhaile an Chaisleáin?

Is féidir gach áirithint shealadach a dhéanamh ar an rphost. Bí i dteagmháil chun seiceáil go bhfuil an t-ionad ar fáil do d’imeacht féin.

An féidir le duine ar bith ionad i dTeach Bhaile an Chaisleáin a chur in áirithe?

Tá gach ionad i dTeach Bhaile an Chaisleáin ar fáil d’áirithintí corparáideacha. Níl na hionaid imeachtaí i dTeach Bhaile an Chaisleáin ar fáil do dhaoine príobháideacha.

Teastaíonn uaim fearann Bhaile an Chaisleáin a úsáid d’ócáid – an féidir é sin a dhéanamh?

Scrúdaítear smaointe maidir le himeachtaí faoin aer cás ar chás. Bí i dteagmháil linn, le do thoil, leis an smaoineamh nó ceist atá agat.

Cé na comhlachtaí lónadóireachta atá ar fáil dom?

Molaimid comhlachtaí lónadóireachta ón bpainéal faofa seo nó an comhlacht lónadóireachta ar an láthair, The Caterers, a úsáid. Tá sé mar choinníol den áirithint go bhfaighfear aontú Castletown Events Management sula mbronnfar aon chonradh lónadóireachta.

An féidir liom pósadh ag Baile an Chaisleáin?

Níl Teach Bhaile an Chaisleáin ar fáil do bhainiseacha.

An bhfuil Wi-Fi ar fáil?

Tá. Tá Wi-Fi saor in aisce ar fáil i ngach áit sa láthair, sna hionaid go léir.

An bhfuil áiseanna seomra cótaí ar fáil?

Tá áiseanna seomra cótaí ar fáil sna hionaid go léir.

An mbeidh mé ábalta turais a eagrú dóibh siúd ag freastal ar m’imeacht?

Nuair atá d’ócáid dearbhaithe linn is féidir linn turais ar Theach Bhaile an Chaisleáin a eagrú dóibh siúd ata ag freastal ar d’ócáid.

Cén fáth gur gá dom mo mhála droma a fhágáil i dtaisceadán?

Chun nach mbrúfaí in aghaidh nó nach scríobfaí earraí leochaileacha sna siúlbhealaí agus sna dorchlaí, iarraimid ort do mhála a fhágáil i gceann dár dtaisceadáin sula dtosaíonn tú do chuairt. Is gá éarlais €1 do na taisceadáin.

An féidir liom bugaí/pram a thabhairt isteach sa Teach Mór?

Faraor, ní cheadaítear pramanna agus bugaithe sna seomraí músaeim. Cuirfimid iad i dtaisce duit le linn do chuairte – ní gá ach cabhair a lorg ar dhuine d’ár dtreoraithe ag an deasc eolais.

An bhfuil an teach oiriúnach do chathaoireacha rothaí?

In ainneoin ardaitheoir a bheith sa teach, ní ardaitheoir tine atá ann agus más ea, faraor, níl ach urlár na talún oiriúnach do chathaoireacha rothaí.

An bhfuil clostreoir ar fáil?

Níl clostreoir ar fáil i láthair na huaire ach is féidir an Wi-Fi saor in aisce i mBaile an Chaisleáin a úsáid chun ár nAip saor in aisce a íoslódáil – tá eolas faoi na taispeántais agus clostreoir réamhthaifeadta ar fáil ansin (ar fáil do Android agus iOS). Ní gá ach cód rochtana an Wi-Fi a iarraidh ar dhuine dár dtreoraithe.

An bhfuil ábhar eolais agaibh i dteangacha iasachta?

Tá bileog le heolas faoi Theach Bhaile an Chaisleáin le fáil uainn sna teangacha a leanas: Gaeilge, Béarla, Fraincis, Spáinnis, Gearmáinis, Sínis, Iodáilis agus Polainnis.

An féidir liom grianghraif a ghlacadh?

Is féidir grianghraif agus físeáin a ghlacadh do d’úsáid féin agus tú ar cuairt i mBaile an Chaisleáin. Ba bhreá linn dá roinnfeá linne agus ar na meáin shóisialta iad. Sa teach féin, áfach, is gá do splanc a chasadh as mar go gcuireann solas isteach ar ár mbailiúchán. Tabhair faoi deara freisin nach bhfuil cead maide féinín ná tríchosach a úsáid le linn do chuairte agus iarraimid ort gan físeán ná taifead a dhéanamh dár gcuid turas treoraithe.

Conas a bheidh fáil agam ar eolas faoi imeachtaí i mBaile an Chaisleáin?

Cláraigh lenár nuachtlitir le do thoil nó tabhair cuairt ar Cad Atá ar Siúl chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár gclár spleodrach imeachtaí. Is féidir Clár Cultúrtha 2017 a íoslódáil anseo chomh maith nó cóip de a phiocadh suas ar do thuras.

Táim ag freastal ar chomhdháil i mBaile an Chaisleáin. Cá bhfuil láthair na comhdhála?

Tá ár n-áiseanna comhdhála go léir i Sciathán na Stáblaí (agus an teach le d’aghaidh, tá an sciathán ar thaobh do láimhe deise). Beidh comharthaí maidir leis na himeachtaí in airde ar do shon. Beidh ár bhfoireann ar an láthair breá sásta treoir a thabhairt duit freisin.