Réamheolas faoin mBailiúchán

Seoda Fillte agus ar Fán

Is é atá i mBaile an Chaisleáin, dar le Kevin B. Nowlan, iar-Ollamh le Nua-Stair, ná Pálas Iodálach ar bhruach na Life.

Nuair a bhí an teach á thógáil, bhraith tráchtairí na linne go mbeadh sé ina eiseamláir don Ríocht agus an saibhreas ar fad a bhí le fáil inti. Ní hamháin go bhfuil sé ar cheann de na tithe is breátha in Éirinn ach tá an chuid is fearr de throscán agus d’obair ealaíne le feiceáil ann – cuid acu ann ón ochtú haois déag. Is iontach an rud é sin nó fuarthas réidh le cuid mhaith d’inneachar an tí ar cheantanna éagsúla i gcaitheamh na mblianta. Lean an ceann ba mhó díobh sin ar aghaidh ar feadh trí lá i mBaile an Chaisleáin i mí Aibreáin 1966. Is léir, mar sin, cén fáth ar caitheadh an oiread sin dua le caomhnú agus athchóiriú Bhaile an Chaisleáin nuair a cheannaigh an tUasal Desmond Guinness é in 1967 agus nuair a d’oscail sé don phobal ina dhiaidh sin é le cabhair ó Chumann Seoirseach na hÉireann. Bhí sé féin in ann teacht ar roinnt mhaith d’inneachar bunaidh an tí ón Tiarna Conolly-Carew sular cuireadh ar ceant iad. San áireamh leo sin bhí portráidí tábhachtacha teaghlaigh, dealbha, troscán agus foireann de choinnleoirí craobhacha déanta as gloine Murano. I gcaitheamh na mblianta bhí daoine eile sásta rudaí eile a bhronnadh ar an teach nó a chur ar fáil ar iasacht – rud a chuir go mór leis an gcnuasach atá le feiceáil ann sa lá atá inniu ann. Tugtar aitheantas don fhéile sin sa teach féin agus sa chatalóg ‘Castletown: Decorative Arts’ a foilsíodh in 2011.

Is le Fondúireacht Bhaile an Chaisleáin an chuid is mó de na hearraí sa chnuasach. Idir 1979 agus 1994 ba le Fondúireacht Bhaile an Chaisleáin an teach féin agus is iad a bhí freagrach as a bhainistiú. Nuair a ghlac an stát le seilbh an tí, tugadh an cnuasach d’Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) ar iasacht fhadtéarmach. Le scór bliana anuas tá an Fhondúireacht agus an OOP ag obair as lámh a chéile ar an teach. Le chéile, d’éirigh leo teacht ar a thuilleadh ábhair don chnuasach. Cheannaigh siad cuid den ábhar sin agus fuair siad cuid eile ar iasacht. In 2014, mar shampla, d’aimsigh an OOP péire breá de chaibinéid Fhrancacha a rinneadh don Bhantiarna Louisa Conolly. Cheannaigh siad iad, thug siad ar ais go hÉirinn iad, agus tá siad anois sa Pharlús Dearg, áit a mbídís na blianta fada ó shin.

In 2012, bhain Teach Bhaile an Chaisleáin creidiúnú iomlán amach sa Chlár um Chaighdeáin Músaem in Éirinn, clár atá á reáchtáil ag an gComhairle Oidhreachta. Athdheimhníodh an creidiúnú sin in 2016.