Scoileanna

Bealaí Éagsúla le Bheith ag Plé lenár mBailiúchán

Turais Threoraithe Saor in Aisce

Ó thurais threoraithe go dtí ceardlanna praiticiúla go dtí an taispeántas síor-athraitheach, is an-áit é Teach Bhaile an Chaisleáin chun daltaí a thabhairt ar mhaithe le foghlaim spreagúil.

Tá turais threoraithe den bhailiúchán agus de na taispeántais i mBaile an Chaisleáin ar fáil saor in aisce do bhunscoileanna agus do mheánscoileanna. Chun turas a chur in áirithe nó chun tuilleadh eolais a fháil bí i dteagmháil linn le do thoil.

Nótaí do Mhúinteoirí

Tá an deis agat cuairt a thabhairt ar an teach agus an bhfearann mar aoi dár gcuidne sula ndéanann do ghrúpa scoile amhlaidh. Tabharfaimid cuairt amháin saor in aisce in aghaidh an áirithint ghrúpa (roimh dháta na háirithinte) sa chaoi is go mbeidh tú ábalta do thuras a eagrú.

Cabhraigh linn aire a thabhairt don teach agus an don inneachar le linn thurais scoile trí mhaoirseacht a dhéanamh ar na daltaí agus iad sa teach. Tabhair faoi deara le do thoil, nach féidir ach pinn luaidhe amháin a úsáid le bileoga oibre – níl cead rubair a úsáid mar fágann siad rian cuimilte ar chairpéid nó troscán. Ná déan dearmad miosúr a thabhairt leat má tá modúl Chonair na Mata don 5ú agus 6ú rang á úsáid agat.

Bunscoil

Is é Teach Bhaile an Chaisleáin an teach mór sa stíl Phallaidiach is mó agus is suntasaí in Éirinn agus is áit iontach é le dul ar thuras treoraithe. Is féidir turas dá leithéid a úsáid ar bhealaí éagsúla le tacú le gnéithe de churaclam na bunscoile taobh amuigh de thimpeallacht na scoile.

Tá na modúil oideachais a leanas saor in aisce do bhunscoileanna agus ar fáil anois do mhúinteoirí le cur in áirithe i mBaile an Chaisleáin. Tá modúil sa bhreis faoi fhorbairt agus beidh siad ar fáíl sna míonna atá romhainn.

Spléachadh ar an Am atá Thart leis an Stair Bheo

Sa mhodúl seo cuireann na daltaí eolas ar an saol a mhair fir, mná agus páistí ó aicmí éagsúla cultúrtha agus sóisialta. Tá fíor-eispéiris ón saol ‘thíos staighre’ chomh maith le ‘thuas staighre’ san áireamh.

Tá téama an níocháin faoi chaibidil thíos staighre, agus taithí phraiticiúil le fáil ar an gclár níocháin, an maide measctha agus an fáisceadán. Pléann daltaí le tuiscintí maidir leis an leanúnachas agus an t-athrú trí fíor-uirlisí níocháin ón stair a úsáid iad féin.

Faigheann na daltaí taithí ar an saol thuas staighre trí ghléasadh in éadach ón ochtú haois déag, trí chuairt a thabhairt ar thaobh istigh galánta an tí agus trí fhoghlaim faoi shaolta na bpáistí agus na ndaoine fásta a mhair ann tráth dá raibh.

Mata i dTeach ón Ochtú hAois Déag

Tá Conairí Mata le leanúint ar fud an tí anois don 1ú & 2ú, 3ú & 4ú, agus 5ú & 6ú rang. Tá siad seo leagtha amach ar chaoi a chabhróidh le daltaí teacht isteach ar ghnéithe de Bhaile an Chaisleáin a bhaineann le curaclam an tsiollabais mhata ar bhealach atá spraíúil agus spéisiúil.

Agus Baile an Chaisleáin mar áis acu, beidh matamaiticeoirí óga ábalta plé le cruthanna agus spás, meastóireacht agus tomhas, chomh maith le cód a ionramháil chun ainm bandé Ghréagaigh a fháil (3ú agus 4ú rang), doirse rúnda a aimsiú agus dul i dtaithí ar oidhreacht chultúrtha a scrúdú ó dhearcaí éagsúla.

Íoslódáil an Chonair Mhata don 1ú agus 2ú Rang.

Íoslódáil an Chonair Mhata don 3ú agus 4ú Rang.

Íoslódáil an Chonair Mhata don 5ú agus 6ú Rang.

Conair Dhúlra Fhéintreoraithe

Is féidir le daltaí leas a bhaint as an tírdhreach álainn taobh amuigh den teach mar sheomra ranga faoin aer. Breathnaíodh siad thart ar an móinéar bláthanna fiáine, an há há nó claí tochailte ar a mbealach go dtí an teampall sa ghairdín nó, má tá an t-am (thart ar 15 nóiméad siúil gach slí) a mbealach a dhéanamh go dtí an Life ag bun an mhóinéir.

Tá leabhrán don Chonair Dhúlra le fáil ag Teach Bhaile an Chaisleáin ina bhfuil léarscáil tírdhreacha, pictiúir agus cur síos ar bhláthanna fiáine a chabhróidh leat teacht orthu, mar aon le heolas faoi chrainn agus bealaí uisce.

Meánscoileanna

Ag Baile an Chaisleáin cuirimid réimse taitneamhach de thurais ar fáil saor in aisce do dhaltaí meánscoile. Is féidir na turais a bheith in oiriúint don churaclam agus eolas a bhaineann leis an Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht a chur san áireamh iontu. Is féidir le daltaí atá ag tabhairt faoin Teastas Sóisearach foghlaim faoin saol le linn na ré Seoirsí in Éirinn.

Cuirimid turais speisialaithe dár mbailiúchán ealaíne agus dár dtaispeántais shealadacha ealaíne ar fáil do dhaltaí atá ag déanamh staidéar ar Stair na hEalaíne. Is féidir leo foghlaim faoin leagan amach, taispeáint, coimeádaíocht agus fealsúnacht atá taobh thiar dár gcuid taispeántas. Tá ár dtreoraithe inniúil ar phlé agus idirbheartaíocht a spreagadh le linn na dturas, rud a chuireann leis an eispéireas do dhaltaí.

Tá turais threoraithe de Bhaile an Chaisleáin ar fáil saor in aisce do mheánscoileanna. Chun turas a chur in áirithe nó chun tuilleadh eolais a fháil bí i dteagmháil linn le do thoil.