An Fearann Páirce

Bí Amuigh Faoin Aer

Tá an Fearann Páirce agus na Siúlóidí Cois Abhann ar oscailt ó cheann ceann na bliana.

Níl táille ar bith ar shiúlóid ná an fearann a bhreathnú. Tá fáilte roimh mhadraí ach is gá iad a choimeád ar iall agus ní cheadaítear sa loch iad, óir tá ainmhithe agus éin i mbun neadaithe ansin. Brúigh anseo le haghaidh amanna oscailte.

Eastát Bhaile an Chaisleáin

Tá tionchar na Bantiarna Louisa le feiceáil ní hamháin laistigh de Theach Bhaile an Chaisleáin féin, ach san fhearann páirce atá leagtha amach go cúramach thart ar an teach. Tosaíodh ar an tírdhreach thart ar Bhaile an Chaisleáin a athrú agus Katherine Conolly i bhfeighil an eastáit agus bhí cruthú radharcanna ón teach go dtí an Iothlainn Aisteach agus Baois Conolly sna 1740idí luaithe i measc a cuidse athruithe. Léiríonn léarscáileanna eastát luaithe lochán ar chúl an tí chomh maith mar aon le cosáin shoiléire tríd an gcoill taobh thiar.

Faoi thionchar na bhfeabhsúchán a rinne a deirfiúr Emily ag Cartún, thug an Bhantiarna Louisa aghaidh ar an bhfearann páirce ó dheas ón teach i dtreo na Life agus chruthaigh tírdhreach deartha sa stíl ‘nádúrtha’ a bhí á cur chun cinn ag Capability Brown. Tá móinéir, bealaí uisce agus coillte le fáil san fhearann páirce agus gnéithe saorga fite fuaite leis an nádúr don siúlóir le teacht orthu agus le taitneamh a bhaint astu: teampall clasaiceach, lóiste gotach, crainn thearca ón iasacht grúpáilte i lár na mbánta oscailte, locháin chiúine, scairdeáin agus sruthchúrsaí uisce. Níl dabht ach go gcuireann siad seo go léir le pléisiúr na gníomhaíochta faoin aer. Tá an t-iomlán le feiceáil ar ghréasán fairsing de chosáin a d’athchóirigh an OOP in 2012-13 le tacaíocht ó Fáilte Ireland. Chomh maith leis an áis iontach seo d’fhóillíocht faoin aer, rinneadh athchóiriú ar na Gairdíní Pléisiúir in aice an tí in 2016, rud a chruthaíonn tearmann síochánta idir an teach agus Clós na Feirme. Tá Clós na Feirme, séadchomhartha eile ón ochtú haois déag a d’eascair ó dhúil na Bantiarna Louisa san fhiontraíocht, faoi athchóiriú é féin faoi láthair agus é á oscailt, diaidh ar ndiaidh do chuairteoirí.

 

Lóiste Batty Langley

Bhí lóistí geata ag deireadh na n-ascaillí go léir i mBaile an Chaisleáin. Is é an ceann is spéisiúla acu seo Lóiste Batty Langley, a sheasann ag an mbealach isteach go dtí an eastát ó Bhóthar Bhaile Átha Cliath. Tá rian na ndearthaí a d’fhoilsigh an ailtire agus garraíodóir Sasanach Batty Langley (1696–1751) le feiceáil ar an lóiste seo a críochnaíodh in 1785. Tá aghaidh ghotach an tí mar léiriú ar an nós a bhí ann ag an am míreanna gotacha a bheith san áireamh i ndearadh gairdín. Bhí an lóiste neamhghnách sa mhéid gur dearadh é agus a aghaidh i dtreo Bhaile an Chaisleáin, seachas i dtreo an bhóthair. Léiriú é sin ar an dá ról a bhí ag an lóiste seo, áfach. Bheadh feidhm phraiticiúil aige mar lóiste geata ach mar bhreis air sin bheadh sé mar phointe deiridh don tsiúlóid abhann cois na Life freisin.
Le linn don Bhantiarna Louisa a bheith sa teach, bhí an lóiste mar theachín aici ina dtógfadh sí tae i rith an tsamhraidh. Plandáladh ceap roschrann agus crainn torthaí thart ar an lóiste chun teacht lena hidéal siúd de shimplíocht na tuaithe. Rinneadh an lóiste agus an talamh ina thimpeall a dheighilt ón gcuid eile den eastát in 1967 ach tá an OOP tar éis iad a cheannach le deireanas agus a nascadh in athuair leis an eastát. Is féidir an lóiste a thógáil ar cíos le haghaidh saoire anois mar iostas féinfhreastail speisialta tríd an Irish Landmark Trust.

 

The Batty Langley Lodge at Castletown House. OPW.

Baois nó Oibilisc Conolly

Le feiceáil ó fhuinneoga an Ghailearaí Fhada, dúnann Baois (nó Oibilisc) Conolly an radharc dhá mhíle ag cúl an tí. An ailtire Gearmánach Richard Castle (1695-1751), a bhí ag obair in aice láimhe i gCartún d’Iarla Chill Dara, a dhear an sainphíosa seo d’ailtireacht na hÉireann. Seasann an Bhaois 140 troigh ar airde, ina hoibilisc mhaorga le tacú shraith áirsí faoina bhun. Katherine Conolly a choimisiúnaigh í in 1740 chun críoch eastát Bhaile an Chaisleáin a mharcáil, ach aisteach go leor is ar chuid d’eastát Chartún a tógadh í. In 1960, agus í tite i léig go mór, cheannaigh Cumann Seoirseach na hÉireann í le cabhair fhiail ó Mrs Rose Saul-Zalles. Bhí an Cumann díreach athbhunaithe ag an bpointe sin agus chuir siad athchóiriú na Baoise rompu mar a gcéad mhórthogra. In 1989, rinneadh Mariga Guinness, duine de bhunaitheoirí an Chumainn, a adhlacadh faoi cheann de na háirsí thaoibhe. Tá an Bhaois faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí anois.

 

An Iothlainn Aisteach

Tógadh an foirgneamh neamhghnách seo i gcruth corcscriú sa bhliain 1743 chun an radharc soir ó Bhaile an Chaisleáin a dhúnadh. An t-aon fhoirgneamh atá cosúil leis in Éirinn ná an ‘bottle-tower’ in aice Ráth Fearnáin i gContae Bhaile Átha Cliath, eastát eile de chuid mhuintir Conolly, mar a tharlaíonn sé. Tógadh an iothlainn seo tráth a raibh gorta sa tír agus d’úsáidtí í chun grán a stóráil. Casann staighre cloiche suas go barr an fhoirgnimh ar an taobh amuigh. Taobh istigh, tá poll i lár na n-urlár uile a scaoileadh leis an ngrán síothlú síos tríd. Tá dhá struchtúr ar an gcuma chéanna ach iad níos lú, a bhíodh in úsáid mar cholmlanna, tógtha taobh thiar de phríomhstruchtúr na hiothlainne.

 

The Wonderful Barn. Castletown House. Country Life Picture Library.