Ticéid agus Amanna

Scrollaigh Chun Roghanna Maidir le Cuairteanna agus Cur in Áirithe a Fheiceáil.

An Teach

Tá Teach Bhaile an Chaisleáin ar oscailt anois do shéasúr 2017. Leanann sé seo ón 16 Márta go dtí an 5 Samhain. Tá an teach oscailte seacht lá na seachtaine, Dé Luain Saoire Bainc san áireamh, ó 10:00 go dtí 17:00. Cead isteach deireanach 16:00.

An Fearann Páirce

Tá an fearann páirce agus na siúlóidí cois abhann, a dearadh san ochtú haois déag agus a athchóiríodh le deireanas, oscailte ó cheann ceann na bliana. Níl táille ar bith ar shiúlóid ná an fearann a bhreathnú. Tá fáilte roimh mhadraí ach is gá iad a choimeád ar iall agus ní cheadaítear sa loch iad, óir tá ainmhithe agus éin i mbun neadaithe ansin.

Amanna oscailte/dúnta do gheataí an eastáit mar a leanas:

Geata Batty Langley (slí isteach do choisithe):
06:30 – 21:00 Aibreán & Meán Fómhair
06:30 – 22:15 Bealtaine go Lúnasa
06:30 – 22:00 Deireadh Fómhair go Márta

Geata Ascaill Chill Droichid (slí isteach do choisithe):
06:45 – 21:15 Aibreán & Meán Fómhair
06:45 – 22:15 Bealtaine go Lúnasa
06:45 – 19:45 Deireadh Fómhair go Márta

Geata an M4 (slí isteach d’fheithiclí):
07:00 – 21:30 Aibreán & Meán Fómhair
07:00 – 22:30 Bealtaine go Lúnasa
07:00 – 20:00 Deireadh Fómhair go Márta

Cead isteach go dtí an Teach agus Taispeántais

16 Márta go 5 Samhain
10:00 – 18:00

Duine Fásta €8
Seanóir €5
Mac Léinn/Páiste (12-17) €3.50
Teaghlach €15

Cead isteach go dtí an Teach agus Taispeántais le Turas Treoraithe

16 Márta go 5 Samhain

Duine Fásta €10
Seanóir €8
Mac Léinn/Páiste (12-17) €5
Teaghlach (2 Fásta + 3 Pháiste) €25

Gairdín agus Láthair Spraoi

1 Bealtaine go 30 Meitheamh
10:00 – 17:00

Duine Fásta €3
Seanóir €2
Mac Léinn/Páiste (os cionn 3) €2
Teaghlach (2 Fásta + 3 Pháiste) €10

Blaiseadh de Bhaile an Chaisleáin

1 Iúil go 31 Lúnasa agus deireadh seachtainí i mí Mheán Fómhair
10:00 – 17:00

Duine Fásta €6
Seanóir €4
Mac Léinn/Páiste (os cionn 3) €3
Teaghlach (2 Fásta + 3 Pháiste) €18

An Cárta Oidhreachta

Faigh cead isteach saor in aisce go dtí gach Láthair Oidhreachta de chuid an OOP ar a bhfuil táille iontrála ar feadh bliain ón gcéad úsáid leis an gCárta Oidhreachta! Tá Cártaí Oidhreachta ar fáil ó dheasc na dticéad i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus is mór is fiú iad: i mBaile Átha Cliath, mar shampla, is féidir cead isteach saor in aisce a fháil go dtí Caisleán Bhaile Átha Cliath, Príosún Chill Mhaighneann nó Casino Marino leis an gCárta Oidhreachta. Chun liosta iomlán de Láithreacha Oidhreachta an OOP i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre a fháil, cliceáil anseo.

Tá costas mar a leanas ar an gCárta Oidhreachta:

Duine Fásta €40
Seanóir (60+) €30
Mac Léinn (is gá aitheantas mac léinn bailí) €10
Páiste (12-17) €10
Teaghlach (uasmhéid de 2 dhuine fásta agus 5 pháiste faoi 18) €90

Brúigh anseo d’eolas sa bhreis ar Chárta Oidhreachta an OOP.

Áirithintí do Scoileanna

Ní ghearrtar táille ar thurais scoile ach is gá áirthint roimh ré a dhéanamh, áfach.
Chun turas scoile a eagrú nó chun eolas a fháil faoinár gceardlanna agus imeachtaí oideachasúla eile, bí i dteagmháil linn le bhur dtoil.

Chun a thuilleadh a fháil amach faoinár gclár oideachais nó chun na pacáistí d’ábhar oideachasúil a chuirimid ar fáil a fheiceáil, brúigh anseo.

Áirithintí do Ghrúpaí Ginearálta

Is gá áirithint a dhéanamh roimh ré do ghrúpaí de níos mó ná 8 nduine. Bí i dteagmháil linn maidir le rátaí grúpaí nó chun áirithint a dhéanamh.

Cuirimid rátaí speisialta ar fáil do thionscnóirí turais do chuairteanna réamháirithe (idir threoraithe agus fhéintreoraithe) do ghrúpaí. Bí i dteagmháil linn le haghaidh sonraí sa bhreis.